Aililiú na Gamhna
Curfá:
Aililiú na gamhna, na gamhna bána
Aililiú na gamhna, na gamhna b'iad na b'fhearr liom
Aililiú na gamhna, na gamhna geala bána
Na gamhna maidin t'samhraidh
....ag damhsa ar na bántaib'.

Is iníon d'aoire mé féinig gan amhras
Do bhíodh ina cónaí cois taobh na Leamhna,
Bhí bothán agam féin ann is fuinneog í gceann de,
Fad a bhíodh an bainne ag téamh agam
....'sea ghlaofainn ar na gamhna.
Curfá

Faightear dom canna is faightear dom buarach
Is faightear dom soitheach
.... ina gcuirfead mo chuid uachtair.
Ceolta sí na cruinne bheith á síorchur i m' chluasa
Ba bhinne liomsa géimneach
.... na mbó ag teacht chun buaile.
Curfá

Rachaimid ar an aonach is ceannóimid gamhna ann.
Is cuirfimid ar féar iad amach ins na gleannta.
Iosfaidh siad an fraoch agus barr an aitinn geimhridh
Is tiocfaidh siad abhaile chun an bhainne
....i gcomhair an tsamhraidh.
Aililiú would be an exclamation over something beautiful.
Chorus:
Oh the heifers, the white heifers
Oh the heifers, it's the heifers I prefer
Oh the heifers, the bright white heifers
The heifers of a summer's morning
.... dansing in the meadow.

I'm a farmer's daughter without doubt
I used to live by the side of the Leamhna
I had a cow hut with a window in the end
While I was heating the milk
.... I would call to the heifers.


Get me a can and get me a spancel
And get me a pitcher
....where I would put my cream.
Enchanting music forever ringing in my ears
Melodious to me was the call
....of the cows coming to the pasture milking-place.


We will go to the fair and buy calves there.
And we will put them to pasture out in the glens.
They will eat the heather and the tops of the winter furze.
And they will come home to share their milk in summer.
Sean Nós
Back
Next
Home
The following pages of lyrics are from a limited release CD called "Terry Kane"